3 Ná bíodh cead isteach i dTionól an Tiarna ag Amónach ná ag Móábach; fiú go dtí an deichiú glúin ná bíodh cead isteach go Tionól an Tiarna ag a sliocht go brách.
4 Óir níor tháinig siad in bhur gcoinne le harán agus le huisce agus sibh ar an tslí amach as an Éigipt, agus d'fhostaigh siad Balám mac Bheór ó Phatór in Arám an Dá Abhainn chun mallacht a chur ort.
5 Ach ní éisteodh an Tiarna do Dhia le Balám agus rinne an Tiarna do Dhia beannacht den mhallacht duit, mar go raibh grá ag an Tiarna do Dhia duit.
6 Go brách fad a mhairfidh tú ná bí sa tóir ar a síocháin ná ar a gconách.
7 Ná bíodh fuath agat don Eadómach óir is bráthair duit é, ná don Éigipteach mar gur dheoraí thú ina thír.
8 Bíodh cead isteach i dTionól an Tiarna ag an tríú glúin dá sliochtsan.
9 “Nuair a bhíonn tú i gcogadh le do naimhde, agus go mbíonn tú i gcampa, seachain an uile olc.