4 Óir níor tháinig siad in bhur gcoinne le harán agus le huisce agus sibh ar an tslí amach as an Éigipt, agus d'fhostaigh siad Balám mac Bheór ó Phatór in Arám an Dá Abhainn chun mallacht a chur ort.
5 Ach ní éisteodh an Tiarna do Dhia le Balám agus rinne an Tiarna do Dhia beannacht den mhallacht duit, mar go raibh grá ag an Tiarna do Dhia duit.
6 Go brách fad a mhairfidh tú ná bí sa tóir ar a síocháin ná ar a gconách.
7 Ná bíodh fuath agat don Eadómach óir is bráthair duit é, ná don Éigipteach mar gur dheoraí thú ina thír.
8 Bíodh cead isteach i dTionól an Tiarna ag an tríú glúin dá sliochtsan.
9 “Nuair a bhíonn tú i gcogadh le do naimhde, agus go mbíonn tú i gcampa, seachain an uile olc.
10 Má bhíonn aon fhear in bhur measc nach bhfuil glan de bharr ar tharla dó san oíche, téadh sé ón gcampa amach agus ná filleadh sé ar ais ar an gcampa.