5 Ach ní éisteodh an Tiarna do Dhia le Balám agus rinne an Tiarna do Dhia beannacht den mhallacht duit, mar go raibh grá ag an Tiarna do Dhia duit.
6 Go brách fad a mhairfidh tú ná bí sa tóir ar a síocháin ná ar a gconách.
7 Ná bíodh fuath agat don Eadómach óir is bráthair duit é, ná don Éigipteach mar gur dheoraí thú ina thír.
8 Bíodh cead isteach i dTionól an Tiarna ag an tríú glúin dá sliochtsan.
9 “Nuair a bhíonn tú i gcogadh le do naimhde, agus go mbíonn tú i gcampa, seachain an uile olc.
10 Má bhíonn aon fhear in bhur measc nach bhfuil glan de bharr ar tharla dó san oíche, téadh sé ón gcampa amach agus ná filleadh sé ar ais ar an gcampa.
11 Nuair a thagann an tráthnóna níodh sé é féin le huisce, agus bíodh cead aige filleadh ar an gcampa ar dhul faoi don ghrian.