12 teasc an lámh di gan trua gan taise a thaispeáint.
13 Ná bíodh dhá mheá dhifriúla i do mhála - ceann trom agus ceann éadrom.
14 Ná bíodh dhá thomhas difirúla i do theach, ceann beag agus ceann mór.
15 Ná bíodh agat ach aon mheá amháin, í iomlán cóir, agus aon tomhas amháin, é iomlán cóir, i dtreo go mbeadh saol fada agat sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit.
16 Óir aon duine a dhéanann nithe den sórt sin, agus a dhéanann éagóir, is fuath leis an Tiarna do Dhia é.
17 Cuimhnigh céard a rinne Amáiléic leat agus tú ar an mbealach amach as an Éigipt.
18 Bhuail sé leat ar an mbealach agus tar éis duit gabháil thar bráid, d'ionsaigh sé sibh i leith an chúil agus rinne eirleach ar an muintir go léir a bhí ar deireadh: nuair a bhí tú lag tnáite ní raibh eagla Dé air.