16 Óir aon duine a dhéanann nithe den sórt sin, agus a dhéanann éagóir, is fuath leis an Tiarna do Dhia é.
17 Cuimhnigh céard a rinne Amáiléic leat agus tú ar an mbealach amach as an Éigipt.
18 Bhuail sé leat ar an mbealach agus tar éis duit gabháil thar bráid, d'ionsaigh sé sibh i leith an chúil agus rinne eirleach ar an muintir go léir a bhí ar deireadh: nuair a bhí tú lag tnáite ní raibh eagla Dé air.
19 Nuair a bhronnfaidh an Tiarna do Dhia síocháin duit ó do naimhde go léir máguaird ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit i do sheilbh mar oidhreacht scrios cuimhne Amáiléic ó faoi neamh; ná déan dearmad de.