6 An chéad mhac a bhéarfaidh sí bíodh ainm an dearthár mhairbh air, d'fhonn nach scriosfaí a ainm as Iosrael.
7 Má dhiúltaíonn an fear bean a dhearthár a ghabháil chuige, téadh sise chun na seanóirí ag an ngeata agus abradh: ‘Dhiúltaigh deartháir mo chéile ainm a dhearthár a bhuanú in Iosrael. Ní áil leis dualgas deartháir céile a chomhlíonadh dom.’
8 Ansin glaodh seanóirí a chathrach air, agus labhraidís leis; agus má chuireann sé ina gcoinne agus a rá: ‘Ní áil liom glacadh léi,’
9 ansin téadh bean a dhearthár chuige i láthair na seanóirí agus baineadh sí an cuarán dá chois, agus caitheadh sí seile san aghaidh air, agus abradh sí: ‘Sin í an íde a thugaimid ar an té nach gcothaíonn teach a dhearthár,’
10 agus tabharfar mar shloinne dó ‘Teach an té a Fágadh gan Chuarán’.
11 “Má bhíonn beirt fhear ag troid agus go gcuireann bean duine díobh a ladar sa troid d'fhonn a fear a fhuascailt ó bhuillí an duine eile agus go síneann sí amach a lámh agus breith laistíos ar an duine eile,
12 teasc an lámh di gan trua gan taise a thaispeáint.