8 Ansin glaodh seanóirí a chathrach air, agus labhraidís leis; agus má chuireann sé ina gcoinne agus a rá: ‘Ní áil liom glacadh léi,’
9 ansin téadh bean a dhearthár chuige i láthair na seanóirí agus baineadh sí an cuarán dá chois, agus caitheadh sí seile san aghaidh air, agus abradh sí: ‘Sin í an íde a thugaimid ar an té nach gcothaíonn teach a dhearthár,’
10 agus tabharfar mar shloinne dó ‘Teach an té a Fágadh gan Chuarán’.
11 “Má bhíonn beirt fhear ag troid agus go gcuireann bean duine díobh a ladar sa troid d'fhonn a fear a fhuascailt ó bhuillí an duine eile agus go síneann sí amach a lámh agus breith laistíos ar an duine eile,
12 teasc an lámh di gan trua gan taise a thaispeáint.
13 Ná bíodh dhá mheá dhifriúla i do mhála - ceann trom agus ceann éadrom.
14 Ná bíodh dhá thomhas difirúla i do theach, ceann beag agus ceann mór.