7 Ach ghlaomar chun an Tiarna, Dia ár n‑aithreacha, agus chuala an Tiarna ár nglao agus chonaic ár n‑ainnise, ár saothar, agus an leatrom orainn;
8 agus thug an Tiarna as an Éigipt amach sinn lena láimh thréan agus lena ghéag ar tinneall, le huafás mór, le comharthaí, agus le hiontais.
9 Thug sé anseo isteach sinn, agus thug an tír seo dúinn, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.
10 Seo anois mé le céadtorthaí fómhar na hithreach a bhronn tusa, a Thiarna, orm.’ Leag i láthair an Tiarna ansin iad agus sléacht go talamh i láthair an Tiarna do Dhia.
11 Ansin bíodh fleá agat le gach ní fónta a thug an Tiarna, do Dhia, duit féin agus do do theaghlach, tú féin agus an Léivíteach agus an deoraí in bhur measc.
12 “Sa tríú bliain, bliain na ndeachúna, nuair a bheidh deireadh dheachú do thorthaí go léir íoctha agat agus go mbíonn sí tugtha agat don Léivíteach, don deoraí, don dílleachta, agus don bhaintreach, agus go mbíonn sí ite acu in bhur mbailte agus go mbíonn a sáith acu,
13 ansin abairse i láthair an Tiarna do Dhia: ‘Tá an chuid choisricthe go léir curtha as mo theach agam. Sea, thug mé don Léivíteach, don deoraí, agus don dílleachta í, de réir na n‑aitheanta go léir a leag tú orm; níor sháraigh mé aon aithne de do chuid, ná ní dhearna mé dearmad díobh.