Deotranaimí 26:9-15 ABN

9 Thug sé anseo isteach sinn, agus thug an tír seo dúinn, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.

10 Seo anois mé le céadtorthaí fómhar na hithreach a bhronn tusa, a Thiarna, orm.’ Leag i láthair an Tiarna ansin iad agus sléacht go talamh i láthair an Tiarna do Dhia.

11 Ansin bíodh fleá agat le gach ní fónta a thug an Tiarna, do Dhia, duit féin agus do do theaghlach, tú féin agus an Léivíteach agus an deoraí in bhur measc.

12 “Sa tríú bliain, bliain na ndeachúna, nuair a bheidh deireadh dheachú do thorthaí go léir íoctha agat agus go mbíonn sí tugtha agat don Léivíteach, don deoraí, don dílleachta, agus don bhaintreach, agus go mbíonn sí ite acu in bhur mbailte agus go mbíonn a sáith acu,

13 ansin abairse i láthair an Tiarna do Dhia: ‘Tá an chuid choisricthe go léir curtha as mo theach agam. Sea, thug mé don Léivíteach, don deoraí, agus don dílleachta í, de réir na n‑aitheanta go léir a leag tú orm; níor sháraigh mé aon aithne de do chuid, ná ní dhearna mé dearmad díobh.

14 Níor chaith mé aon chuid den deachú agus mé ag caoineadh; níor thóg mé aon chuid di agus mé neamhghlan; níor ofráil mé aon chuid di do na mairbh. Ghéill mé do ghlór an Tiarna mo Dhia; rinne mé gach ní mar a d'ordaigh tú dom.

15 Féach anuas ó neamh, áitreabh do ghlóire, agus cuir do bheannacht ar do phobal Iosrael, agus ar an ithir a thug tú dúinn faoi mar a mhionnaigh tú dár n‑aithreacha, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.’