1 “Má ghéilleann tú go dílis do ghlór an Tiarna agus na haitheanta go léir dá chuid atá á n‑ordú agam duit inniu a chomhlíonadh le barr cáiréise, cuirfidh an Tiarna do Dhia thú go hard os cionn náisiúin uile na cruinne.
2 Tiocfaidh na beannachtaí uile seo leanas suas leat agus fanfaidh ort má ghéilleann tú do ghlór an Tiarna do Dhia.
3 “Beidh beannacht ort sa chathair, agus beannacht ort faoin tuath.
4 Beidh beannacht ar thoradh do choirp, ar thoradh d'ithreach, ar thoradh do airnéise, agus ar an mbreis ar do bhólacht agus ar an mbreis ar do thréad.