13 Ní eireaball a dhéanfaidh an Tiarna díot, ach ceann; ní in íochtar a bheidh tú choíche, ach in uachtar, má ghéilleann tú d'aitheanta an Tiarna do Dhia, a ordaím duit inniu, á gcoimeád le barr cúraim,
14 gan claonadh ar dheis ná ar chlé ó aon cheann de na hoibreacha a ordaím duit inniu trí aon déithe eile a leanúint agus fónamh dóibh.
15 “Ach mura ngéilleann tú do ghlór an Tiarna do Dhia, agus gan a reachtanna ná a aitheanta go léir a ordaím duit inniu a chomhlíonadh, tiocfaidh na mallachtaí uile seo leanas suas leat agus béarfaidh siad ort.
16 Beidh mallacht ort sa chathair agus mallacht ort faoin tuath.
17 Beidh mallacht ar do chliabh aráin agus ar do losaid.
18 Beidh mallacht ar thoradh do choirp, ar thoradh d'ithreach, ar an mbreis ar do bhólacht agus ar an mbreis ar do thréad.
19 Beidh mallacht ort ag gabháil isteach duit, agus mallacht ort ag dul amach duit.