2 Tiocfaidh na beannachtaí uile seo leanas suas leat agus fanfaidh ort má ghéilleann tú do ghlór an Tiarna do Dhia.
3 “Beidh beannacht ort sa chathair, agus beannacht ort faoin tuath.
4 Beidh beannacht ar thoradh do choirp, ar thoradh d'ithreach, ar thoradh do airnéise, agus ar an mbreis ar do bhólacht agus ar an mbreis ar do thréad.
5 Beidh beannacht ar do chliabh aráin agus ar do losaid.
6 Beidh beannacht ort ag gabháil isteach duit agus beannacht ort ag dul amach duit.
7 Brisfidh an Tiarna i do láthair ar na naimhde a éiríonn i d'aghaidh; tiocfaidh siad ar feadh an aon bhóthair i d'aghaidh; ach gabhfaidh siad seacht mbóthar ar teitheadh uait.
8 Fógróidh an Tiarna beannacht anuas ort i do sciobóil agus i ngach ní a ghabhfaidh tú idir lámha; cuirfidh sé beannacht ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit.