41 Ginfidh tú mic agus iníonacha, ach ní leat iad, óir rachaidh siad i mbraighdeanas.
42 Do chrainn go léir agus toradh d'ithreach, beidh siad ag an lócaiste.
43 An deoraí in bhur measc rachaidh sé céim ar chéim os do chionn, agus tusa céim ar chéim níos ísle.
44 Beidh tú faoina smacht, ní bheidh seisean faoi do smachtsa. Eisean a bheidh ina cheann, agus tusa i d'eireaball.
45 Tiocfaidh na mallachtaí sin go léir anuas ort, leanfaidh siad thú, agus béarfaidh siad ort go dtí go scriosfar thú mar nár ghéill tú do ghlór an Tiarna do Dhia agus na haitheanta agus na reachtanna a d'ordaigh sé duit a chomhlíonadh.
46 Beidh siadsan ina gcomhartha, agus ina n‑iontas, ag tagairt duit féin agus do do shliocht go brách.
47 “Dé bhrí nach ndearna tú seirbhís don Tiarna do Dhia le gairdeas agus le lúcháir de bharr flúirse na n‑iolmhaitheasaí,