50 náisiún is gruama dreach, gan urraim aige don sean ná taise don óg.
51 Íosfaidh siad an bhreis a bheidh ar d'airnéis agus toradh do thalún nó go scriosfar thú; fágfaidh siad thú gan arbhar gan fhíon, gan ola, gan breis ar do airnéis, ná breis ar do thréad, nó go ndíothóidh siad thú.
52 Cuirfidh siad léigear ort i do bhailte go léir, go dtí go dtitfidh na ballaí is airde agus is daingne, na ballaí inar chuir tú muinín ar fud do chríoch. Cuirfidh siad léigear ort sna bailte go léir ar fud do chríoch a thug an Tiarna do Dhia duit.
53 Le linn an léigir, agus san anró a chuirfidh do naimhde ort, íosfaidh tú toradh do cholainne féin, feoil na mac agus na n‑iníonacha a bhronn an Tiarna do Dhia ort.
54 An té is cneasta agus is cineálta in bhur measc, beidh súil mhuice aige ar a bhráthair, agus fiú ar a chéile cumainn, agus ar fhuíoll a chlainne;
55 diúltóidh sé aon chuid d'fheoil a leanaí a bheidh á hithe aige a thabhairt dóibh, óir le linn an léigir agus san anró ina gcuirfidh do naimhde thú i do bhailte go léir ní bheidh aon ní fágtha aige.
56 An bhean is cneasta agus is cineálta in bhur measc, an té sin atá chomh cneasta chomh cineálta sin nár lámhaigh sí bonn a coise a leagan ar an talamh riamh, beidh súil mhuice aici ar a céile cumainn, agus fiú ar a mac agus ar a hiníon;