55 diúltóidh sé aon chuid d'fheoil a leanaí a bheidh á hithe aige a thabhairt dóibh, óir le linn an léigir agus san anró ina gcuirfidh do naimhde thú i do bhailte go léir ní bheidh aon ní fágtha aige.
56 An bhean is cneasta agus is cineálta in bhur measc, an té sin atá chomh cneasta chomh cineálta sin nár lámhaigh sí bonn a coise a leagan ar an talamh riamh, beidh súil mhuice aici ar a céile cumainn, agus fiú ar a mac agus ar a hiníon;
57 ceilfidh sí orthu slánú a broinne idir a cosa agus an mac a bhéarfaidh sí, ach is d'fhonn iad a ithe; óir beidh ganntanas uafásach ann le linn an léigir agus san anró a chuirfidh do naimhde ort i do bhailte go léir.
58 “Mura gcoimeádann tú briathra uile an dlí seo atá scríofa sa leabhar seo le barr cáiréise, d'fhonn go mba eagal leat an t‑ainm glórmhar uafar seo: An Tiarna do Dhia,
59 buailfidh an Tiarna le plánna uafásacha thú, tú féin agus do shliocht; sea, le plánna troma buana, agus le galair nimhneacha sheasmhacha.
60 Seolfaidh sé ort arís galair uile na hÉigipte a ba eagal leat, agus cloífidh siad leat.
61 Seolfaidh an Tiarna chugat chomh maith gach aicíd, gach plá nach luaitear i leabhar an dlí seo, nó go scriosfar thú.