62 Ba líonmhar sibh mar réaltaí neimhe, ach ní fhágfar díbh ach dornán beag, óir níor ghéill tú do ghlór an Tiarna do Dhia.
63 Faoi mar a rinne an Tiarna gairdeas ag bronnadh conáich agus ratha oraibh, sin mar a dhéanfaidh sé gairdeas do bhur scrios agus do bhur milleadh. Stoithfear sibh as an talamh a bhfuil sibh ag dul ann á shealbhú.
64 Cuirfidh an Tiarna scaipeadh ort i measc na gciníocha go léir ó cheann ceann na cruinne; agus déanfaidh tú seirbhís ansiúd do dhéithe eile, déithe adhmaid agus cloiche, nárbh eol duit féin ná do do shinsir.
65 Ní bheidh suaimhneas i ndán duit i measc na gciníocha seo ná aon sos do bhonn do choise; fágfaidh an Tiarna suaitheadh ar do chroí, tuirse ar do shúile, agus gearranálaí ort.
66 Beidh do shaol ó thosach ina ualach ort; beidh faitíos ort de lá agus d'oíche, agus tú in amhras faoi d'anam.
67 Déarfaidh tú ar maidin: ‘Uch, nach é an tráthnóna é!’ agus tráthnóna: ‘Uch, nach bhfuil sé ina mhaidin!’ de bharr an scanradh a bheidh ar do chroí agus na radhairc a fheicfidh tú le do shúile cinn.
68 Tabharfaidh an Tiarna ar ais don Éigipt i longa thú, aistear a gheall mé duit nach ndéanfá go deo arís. Beidh fonn oraibh ansiúd sibh féin a reic le bhur naimhde mar dhaoir agus mar dhaoirseacha, ach ní cheannóidh aon duine sibh.”