8 Fógróidh an Tiarna beannacht anuas ort i do sciobóil agus i ngach ní a ghabhfaidh tú idir lámha; cuirfidh sé beannacht ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit.
9 “Buanóidh an Tiarna thú i do phobal coisricthe dó féin, faoi mar a mhionnaigh sé duit, má choimeádann tú aitheanta an Tiarna do Dhia agus siúl ina bhealaí.
10 Feicfidh ciníocha uile an domhain go bhfuil ainm an Tiarna ort agus beidh eagla orthu romhat.
11 Cuirfidh an Tiarna conách mór ort, i dtoradh do choirp, sa bhreis ar do bhólacht, agus i dtoradh d'ithreach sa tír a mhionnaigh an Tiarna do d'aithreacha a thabharfadh sé duit.
12 Osclóidh an Tiarna a chiste breá, na speartha, duit, le fearthainn a thabhairt duit i dtráth do do thalamh, agus beannacht a chur ar shaothar uile do lámh. Cuirfidh tú mórán ciníocha faoi smacht, ach ní bheidh tú féin faoi smacht ag cine.
13 Ní eireaball a dhéanfaidh an Tiarna díot, ach ceann; ní in íochtar a bheidh tú choíche, ach in uachtar, má ghéilleann tú d'aitheanta an Tiarna do Dhia, a ordaím duit inniu, á gcoimeád le barr cúraim,
14 gan claonadh ar dheis ná ar chlé ó aon cheann de na hoibreacha a ordaím duit inniu trí aon déithe eile a leanúint agus fónamh dóibh.