11 bhur miondaoine, bhur mná, an deoraí i do champa - idir fhear gearrtha conaidh duit agus fhear tarraingthe uisce -
12 agus tá tú ar tí dul i gconradh faoi mhionnaí leis an Tiarna do Dhia, conradh atá an Tiarna do Dhia a dhéanamh leat inniu,
13 le pobal leis féin a dhéanamh díot inniu, agus Dia a dhéanamh de féin duit, faoi mar a gheall sé duit féin agus a mhionnaigh sé do d'aithreacha d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób.
14 “Ní libh féin amháin a dhéanaim an conradh faoi mhionnaí inniu,
15 ach leis siúd nach bhfuil anseo linn inniu chomh maith céanna leis siúd atá ina sheasamh anseo linn i láthair an Tiarna ár nDia.
16 “Tá aithne agaibh orthu siúd ar chónaíomar ina measc san Éigipt, iad siúd ar ghabhamar trína dtailte, na ciníocha ar ghabhamar tríothu,
17 agus chonaic sibh a ngráiniúlachtaí agus na híola adhmaid agus cloiche agus airgid agus óir a bhí acu ina measc.