Deotranaimí 29:18-24 ABN

18 Ná bíodh fear ná bean ná clann ná treibh in bhur measc a iompaíonn a chroí inniu ón Tiarna ár nDia chun imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe na gciníocha sin. Ná bíodh aon fhréamh in bhur measc a bhéarfadh toradh nimhneach searbh.

19 Tar éis dó briathra an chonartha mhionnaithe seo a chlos, má bheannaíonn a leithéid sin de dhuine é féin ina chroí á rá: ‘Ní cás dom déanamh de réir dhánaíocht mo chroí agus beidh mé slán; cuireann tuile uisce an teitheadh ar an tart,’

20 ní mhaithfidh an Tiarna dó; ach lasfaidh fearg agus formad an Tiarna in aghaidh an duine sin, agus luífidh gach mallacht atá scríofa sa leabhar seo ar a mhullach, agus scriosfaidh an Tiarna a ainm ó faoi neamh.

21 Scarfaidh an Tiarna ó threibheanna Iosrael go léir é le haghaidh drochíde de réir mhallachtaí an chonartha atá scríofa i leabhar an dlí seo.

22 “An ghlúin le teacht, an chlann a éiríonn suas in bhur ndiaidh, agus an coimhthíoch a thagann ón imigéin, feicfidh siad plánna na tíre úd agus na galair a leagfaidh an Tiarna air,

23 agus liúfaidh siad: ‘Ruibh agus salann agus loscadh críche ar an bhfearann go léir! É gan cur gan toradh, gan féar ag fás go deo arís air! É millte mar Shodom agus Gomorá, Admá agus Zabóím, áiteanna a scrios an Tiarna le barr feirge agus díoltais.’

24 Déarfaidh na ciníocha go léir de liú: ‘Cén fáth ar thug an Tiarna an íde seo ar an tír? Cad is ciall le mórbhruth seo a fheirge?’