5 Threoraigh mé san fhásach sibh ar feadh daichead bliain; ní dheachaigh caitheamh ar bhur gcuid éadaigh umaibh ná dreo ar do chuaráin faoi do chosa.
6 Níor ith sibh arán; níor ól sibh fíon ná braon crua, i dtreo go mbeadh a fhios agaibh gur mise an Tiarna bhur nDia.
7 Nuair a shroich sibh an áit seo tháinig Síochon rí Heisbeon agus Óg rí Bháiseán amach chun cath a chur inár n‑aghaidh, ach bhriseamar orthu.
8 Ghabhamar a dtír agus thugamar é mar oidhreacht do threibh Reúbaen agus do threibh Ghád agus do leath-threibh Mhanaise.
9 “Coimeádaigí dá bhrí sin briathra an chonartha seo agus comhlíonaigí iad, agus rithfidh libh i ngach ní dá ndéanfaidh sibh.
10 Tá sibh uile in bhur seasamh anseo inniu i láthair an Tiarna bhur nDia - taoisigh bhur dtreibheanna, bhur seanóirí, bhur scríobhaithe, fir Iosrael go léir,
11 bhur miondaoine, bhur mná, an deoraí i do champa - idir fhear gearrtha conaidh duit agus fhear tarraingthe uisce -