1 “Nuair a thiocfaidh na nithe seo go léir sa mhullach ort, an bheannacht agus an mhallacht a chuir mé romhat, má thugann tú chun cuimhne iad i measc na náisiún go léir, mar a dtiomáinfidh an Tiarna do Dhia thú,
2 agus go n‑iompaíonn tú chun an Tiarna do Dhia, tú féin agus do chlann, agus go ngéilleann tú dá ghlór san uile ní a ordaím duit inniu, ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán,
3 ansin tabharfaidh an Tiarna do Dhia do chonách ar ais, agus beidh trua aige duit agus cruinneoidh sé thú arís ó na pobail go léir mar ar scaip an Tiarna do Dhia thú.
4 Má bhíonn fán fada ar aon chuid agaibh go himill na cruinne cruinneoidh an Tiarna do Dhia fiú ón áit sin thú, agus tabharfaidh sé leis as sin thú,
5 agus tabharfaidh ar ais thú chun na tíre a bhí i seilbh d'aithreacha d'fhonn go mbeadh seilbh agatsa leis air, agus cuirfidh sé conách agus rath ort seachas mar a bhí ar d'aithreacha.
6 Déanfaidh an Tiarna do Dhia timpeallghearradh ar do chroí agus ar chroí do shleachta i dtreo go dtabharfaidh tú grá don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus go mbeadh an bheatha agat.
7 Cuirfidh an Tiarna do Dhia na mallachtaí sin go léir sa mhullach ar d'eascairde agus ar do naimhde a rinne géarleanúint ort.