10 má ghéilleann tú do ghlór an Tiarna do Dhia agus a aitheanta a choimeád agus na reachtanna leis atá scríofa sa leabhar seo a dhlí, agus má chasann tú chun an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán.
11 “Óir an dlí seo a aithním duit inniu níl sé thar do chumas ná gan breith agat air.
12 Ní ar neamh atá sé agus nár mhór duit a rá: ‘Cé rachaidh suas ar neamh dúinn lena bhreith anuas chugainn, chun go gcluinfimís é agus déanamh dá réir?”
13 Ní mó ná sin is thar lear atá agus nár mhór duit a rá: ‘Cé rachaidh thar lear dúinn agus é a thabhairt chugainn chun go gcluinfimís é agus déanamh dá réir?”
14 Ní amhlaidh atá; tá an briathar an-ghar duit; tá sé i do bhéal agus i do chroí agat le comhlíonadh.
15 “Seo beatha agus rath, bás agus urchóid á gcur agam romhat inniu.
16 Má ghéilleann tú d'aitheanta an Tiarna do Dhia a ordaímse duit inniu, má ghránn tú an Tiarna do Dhia agus siúl ina bhealaí, agus a aitheanta, a reachtanna agus a orduithe a choimeád, ansin beidh an bheatha agat, agus beidh síol ort, agus cuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort sa tír a bhfuil tú ag dul ann lena shealbhú.