5 agus tabharfaidh ar ais thú chun na tíre a bhí i seilbh d'aithreacha d'fhonn go mbeadh seilbh agatsa leis air, agus cuirfidh sé conách agus rath ort seachas mar a bhí ar d'aithreacha.
6 Déanfaidh an Tiarna do Dhia timpeallghearradh ar do chroí agus ar chroí do shleachta i dtreo go dtabharfaidh tú grá don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus go mbeadh an bheatha agat.
7 Cuirfidh an Tiarna do Dhia na mallachtaí sin go léir sa mhullach ar d'eascairde agus ar do naimhde a rinne géarleanúint ort.
8 Géillfidh tú do ghlór an Tiarna agus coimeádfaidh tú na haitheanta go léir dá chuid a ordaímse duit inniu.
9 Cuirfidh an Tiarna do Dhia conách bláfar ar shaothar do lámh go léir, ar thoradh do choirp, ar thoradh do airnéise, agus ar thoradh do thalún. Óir tabharfaidh an Tiarna gean do do chonách arís mar a rinne le d'aithreacha,
10 má ghéilleann tú do ghlór an Tiarna do Dhia agus a aitheanta a choimeád agus na reachtanna leis atá scríofa sa leabhar seo a dhlí, agus má chasann tú chun an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán.
11 “Óir an dlí seo a aithním duit inniu níl sé thar do chumas ná gan breith agat air.