25 thug sé an t‑ordú seo do na Léivítigh a d'iompraíodh áirc chonradh an Tiarna:
26 “Tóg leabhar seo an dlí agus cuir taobh le háirc chonradh an Tiarna do Dhia é. Bíodh sé ansiúd mar fhinné i d'aghaidh,
27 óir is eol dom a cheannaircí agus a cheanndáine atá tú. Má thugann sibh dúshlán an Tiarna inniu féin agus mé beo fós in bhur measc, nach mó ná sin go mór a thabharfaidh sibh a dhúshlán tar éis mo bháis!
28 “Cruinnigí i mo thimpeall seanóirí bhur dtreibheanna, agus bhur scríobhaithe, d'fhonn go labhróinn na focail seo ina gcluasa agus go nglaofainn neamh agus talamh mar fhinnéithe ina n‑aghaidh.
29 Óir is maith is eol dom go ndéanfaidh sibh coirpeacht tar éis mo bháis, agus go gclaonfaidh sibh den bhealach a d'aithin mé daoibh; agus go dtiocfaidh an urchóid sa mhullach oraibh sna laethanta le teacht mar go ndearna sibh an t‑olc i láthair an Tiarna, á ghríogadh chun feirge le bhur mí-iompar.”
30 Ansin i gcomhchlos thionól iomlán Iosrael d'aithris Maois focail na laoi seo siar amach go dúnadh.