6 Bíodh neart ionaibh, agus misneach agaibh; ná bíodh eagla ná scanradh oraibh rompu; óir is é an Tiarna do Dhia a théann libh; ní theipfidh sé ort, ná ní fheallfaidh ort.”
7 Ansin ghlaoigh Maois ar Iósua agus dúirt leis i bhfianaise Iosrael go léir: “Bíodh neart ionat, agus misneach agat; tá tú ag dul isteach leis an bpobal seo sa tír a mhionnaigh an Tiarna dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh; tabharfaidh tú ina seilbh dóibh é.
8 Sé an Tiarna é féin a threoróidh thú; beidh sé i do theannta; ní theipfidh sé ort ná ní fheallfaidh ort; ná bíodh eagla ná beaguchtach ort.”
9 Scríobh Maois an dlí seo agus thug é do na sagairt, clann Léiví, an mhuintir a d'iompraíodh áirc chonradh an Tiarna, agus do sheanóirí Iosrael.
10 Thug Maois an aithne seo dóibh: “Ag deireadh gach seacht mbliana, ag an am ceaptha don fhuascailt, ag féile na dTaibearnacal,
11 nuair a thagann Iosrael go léir i láthair an Tiarna do Dhia, san áit a thoghfaidh sé, léigh an dlí seo go léir i gcomhchlos Iosrael uile.
12 Cruinnigh an pobal, idir fhir agus mhná agus mhiondaoine agus dheoraí i do bhailte, d'fhonn go gcluinfidh siad agus go bhfoghlaimeoidh siad eagla an Tiarna bhur nDia, agus go gcoimeádfaidh siad agus go gcomhlíonfaidh siad focail uile an dlí seo.