1 Éistigí, a spéartha, go labhraí mé!éisteadh an talamh le briathra mo bhéil.
2 Go dtite mo theagasc mar an fhearthainn;go sile mo ghlór mar an drúchtmar an fhearthainn bhog ar an bhféar bláith,agus mar cheathanna ar lusra an bháin.
3 Óir fógróidh mé ainm an Tiarna.Cuirigí in iúl mórgacht ár nDé!
4 Eisean an Charraig, níl locht ar a shaothar,mar is fíréan iad a bhealaí go léir.Dia dílis é gan éagoir;eisean an Chóir féin agus an Ceart.