15 [Chaith Iacób bia agus bhí a sháith aige;]Thit Isiriún chun feola agus thug speach.(Thit tú chun feola, chun méithris agus chun gaoithe.)Thréig sé an Dia a rinne é,mhaslaigh sé Carraig a shlánaithe.
16 Ghriogadar é chun éada le déithe deoranta;chuireadar fearg air le nithe granna.
17 Rinneadar íobairt do dheamhain nach Dia,do dhéithe nárbh aithnid dóibh riamh,núíosaigh an lae inné,nárbh eagal lena n‑aithreacha riamh.
18 (Níor chuimhin leat an Charraig a ghin thú,agus rinne tú dearmad den Dia a ba athair agat.)
19 Chonaic an Tiarna é seo agus le barr feirgechaith sé uaidh a chlann mhac agus iníonacha.
20 “Déanfaidh mé mo ghnúis a fholach orthu,” ar sé,agus feicfidh mé cén chríoch a bheidh orthu.Óir is ál fealltach iad,clann gan dílseacht iontu.”
21 Spreagadar chun formaid mé le ní nach Dia;ghriogadar mé lena n‑íola.Cuirfidh mise iadsan in éad le dream nach pobal,Cuirfidh mé fearg orthu trí chine gan stuaim.