18 (Níor chuimhin leat an Charraig a ghin thú,agus rinne tú dearmad den Dia a ba athair agat.)
19 Chonaic an Tiarna é seo agus le barr feirgechaith sé uaidh a chlann mhac agus iníonacha.
20 “Déanfaidh mé mo ghnúis a fholach orthu,” ar sé,agus feicfidh mé cén chríoch a bheidh orthu.Óir is ál fealltach iad,clann gan dílseacht iontu.”
21 Spreagadar chun formaid mé le ní nach Dia;ghriogadar mé lena n‑íola.Cuirfidh mise iadsan in éad le dream nach pobal,Cuirfidh mé fearg orthu trí chine gan stuaim.
22 Las tine as mo fhearg,agus dófaidh sí go híochtar Sheól;alpfaidh sí an talamh agus a thoradh go léir,loiscfidh sí máithreacha na sléibhte.
23 Déanfaidh mé urchóidí a chruachadh orthu,agus is leo a chaithfidh mé mo shaigheada go léir.
24 Beidh sciobóil ghorta mar airm agam;galar agus eitinn mar nimh.Seolfaidh mé fiacla géara na n‑ainmhithe alltaagus nimh na n‑athracha talmhaí ina n‑aghaidh.