2 Go dtite mo theagasc mar an fhearthainn;go sile mo ghlór mar an drúchtmar an fhearthainn bhog ar an bhféar bláith,agus mar cheathanna ar lusra an bháin.
3 Óir fógróidh mé ainm an Tiarna.Cuirigí in iúl mórgacht ár nDé!
4 Eisean an Charraig, níl locht ar a shaothar,mar is fíréan iad a bhealaí go léir.Dia dílis é gan éagoir;eisean an Chóir féin agus an Ceart.
5 Rinneadar coirpeacht, an chlann a ghin sé gan cháim;ál fealltach cam iad.
6 An mar sin a dhíolann sibh an comhar leis an Tiarna?Nach baoth éaganta an pobal sibh!Nach é d'athair é a chruthaigh thú,a dhealbhaigh thú agus a bhunaigh thú?
7 Cuimhnigh ar na laethanta a bhí,agus machtnaigh ar na blianta ó ghlúin go glúin.Cuir ceist ar d'athair agus tabharfaidh sé fios duitagus ar do sheanóirí agus cuirfidh siad ar an eolas thú.
8 Nuair a bhronn an Té is Airde a n‑oidhreacht ar na ciníocha,nuair a roinn sé clann Ádhaimh,leag sé síos a dteorainneacha de réir líon chlann [Dé].