22 Las tine as mo fhearg,agus dófaidh sí go híochtar Sheól;alpfaidh sí an talamh agus a thoradh go léir,loiscfidh sí máithreacha na sléibhte.
23 Déanfaidh mé urchóidí a chruachadh orthu,agus is leo a chaithfidh mé mo shaigheada go léir.
24 Beidh sciobóil ghorta mar airm agam;galar agus eitinn mar nimh.Seolfaidh mé fiacla géara na n‑ainmhithe alltaagus nimh na n‑athracha talmhaí ina n‑aghaidh.
25 Lasmuigh déanfaidh an claíomh eirleach ar a gclann,agus laistigh beidh an scéin i réim.Ní mhairfidh ógfhear nó ógbhean,an leanbh cíche ná an seanduine liath.
26 “Ba chóir dom iad a scaipeadh i gcéin,” a déarfainn“agus iad a scrios ó chuimhne daoine,”
27 mura mbeadh gurb eagal liom maíomh an namhad,le heagla go dtabharfadh a n‑eascairde breith bhréagach,le heagla go ndéarfaidís: “Tá an lá lenár neart!Níl aon bhaint ag an Tiarna leis seo go léir!”
28 Is náisiún gan chomhairle iad!Níl aon tuiscint acu!