27 mura mbeadh gurb eagal liom maíomh an namhad,le heagla go dtabharfadh a n‑eascairde breith bhréagach,le heagla go ndéarfaidís: “Tá an lá lenár neart!Níl aon bhaint ag an Tiarna leis seo go léir!”
28 Is náisiún gan chomhairle iad!Níl aon tuiscint acu!
29 Dá mbeidís eagnaí, thuigfidís é seo,bheadh léamh acu ar an gcríoch atá i ndán dóibh.
30 Conas a d'fhéadfadh duine an teitheadh a chur ar mhíleagus beirt ar dheich míle,murar dhíol a gCarraig iadagus gur thug an Tiarna ar láimh iad?
31 Óir níl a gcarraigsean mar ár gCarraigne;ní himpígh ár naimhde.
32 Óir is d'fhiniúin Shodom dá bhfiniúinagus ó dhoirí Ghomorá.Caora nimhe a gcaora,crobhaingí searbha a gcrobhaingí.
33 Nimh nathracha a bhfíon,agus goimh dhanartha asp.