39 Féach anois, gur mise É, mise féinagus níl aon dia eile ann ach mé.Is mé údar an bháis agus údar na beathaNuair a bhuailim, is mé a leigheasann(agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).
40 Sea, ardaím mo lámh chun neimhe,agus mionnaím dar mo bheo go deo:
41 Nuair a bheidh faobhar ar mo chlaíomh lonrach,agus go dtéim i mbun cúis na córa,déanfaidh mé díoltas a imirt ar mo naimhde,agus díolfaidh mé an comhar le lucht m'fhuatha.
42 Cuirfidh mé meisce fola ar mo shaigheada,agus slogfaidh mo chlaíomh feoil ina chraosfuil na gcrólíoch agus na gcimí,agus cloigne cheannairí an namhad.”
43 [A spéartha, déanaigí lúcháir in éineacht leis!Tugadh clann Dé urraim dó!]A náisiúna, déanaigí lúcháir lena phobal;tráchtadh teachtairí Dé ar a chumhacht!Óir déanfaidh sé fuil a shearbhóntaí a dhíolt,agus díolfaidh sé an comhar lena naimhde.Déanfaidh sé aisíoc le lucht a fhuatha,agus déanfaidh sé fearann a phobail a íonghlanadh.
44 Tháinig Maois agus [Iósua] mac Nún agus d'aithris siad focail na laoi sin go léir i gcomhchlos an phobail.
45 Nuair a bhí an clabhsúr ag Maois ag aithris na mbriathra sin go léir do chlann Iosrael uile,