41 Nuair a bheidh faobhar ar mo chlaíomh lonrach,agus go dtéim i mbun cúis na córa,déanfaidh mé díoltas a imirt ar mo naimhde,agus díolfaidh mé an comhar le lucht m'fhuatha.
42 Cuirfidh mé meisce fola ar mo shaigheada,agus slogfaidh mo chlaíomh feoil ina chraosfuil na gcrólíoch agus na gcimí,agus cloigne cheannairí an namhad.”
43 [A spéartha, déanaigí lúcháir in éineacht leis!Tugadh clann Dé urraim dó!]A náisiúna, déanaigí lúcháir lena phobal;tráchtadh teachtairí Dé ar a chumhacht!Óir déanfaidh sé fuil a shearbhóntaí a dhíolt,agus díolfaidh sé an comhar lena naimhde.Déanfaidh sé aisíoc le lucht a fhuatha,agus déanfaidh sé fearann a phobail a íonghlanadh.
44 Tháinig Maois agus [Iósua] mac Nún agus d'aithris siad focail na laoi sin go léir i gcomhchlos an phobail.
45 Nuair a bhí an clabhsúr ag Maois ag aithris na mbriathra sin go léir do chlann Iosrael uile,
46 dúirt sé leo: “Gabhaigí chugaibh i gcochall bhur gcroí na briathra go léir a d'aithin mé daoibh inniu; ní foláir daoibh a ordú do bhur gclann briathra uile an dlí seo a choimeád le barr cúraim.
47 Óir ní aon ghnó suarach a bheidh á dhéanamh agaibh, mar is é bhur mbeatha é, agus dá bhíthin beidh fad saoil agaibh sa tír a bhfuil sibh ag dul thar Iordáin anonn lena shealbhú.”