42 Cuirfidh mé meisce fola ar mo shaigheada,agus slogfaidh mo chlaíomh feoil ina chraosfuil na gcrólíoch agus na gcimí,agus cloigne cheannairí an namhad.”
43 [A spéartha, déanaigí lúcháir in éineacht leis!Tugadh clann Dé urraim dó!]A náisiúna, déanaigí lúcháir lena phobal;tráchtadh teachtairí Dé ar a chumhacht!Óir déanfaidh sé fuil a shearbhóntaí a dhíolt,agus díolfaidh sé an comhar lena naimhde.Déanfaidh sé aisíoc le lucht a fhuatha,agus déanfaidh sé fearann a phobail a íonghlanadh.
44 Tháinig Maois agus [Iósua] mac Nún agus d'aithris siad focail na laoi sin go léir i gcomhchlos an phobail.
45 Nuair a bhí an clabhsúr ag Maois ag aithris na mbriathra sin go léir do chlann Iosrael uile,
46 dúirt sé leo: “Gabhaigí chugaibh i gcochall bhur gcroí na briathra go léir a d'aithin mé daoibh inniu; ní foláir daoibh a ordú do bhur gclann briathra uile an dlí seo a choimeád le barr cúraim.
47 Óir ní aon ghnó suarach a bheidh á dhéanamh agaibh, mar is é bhur mbeatha é, agus dá bhíthin beidh fad saoil agaibh sa tír a bhfuil sibh ag dul thar Iordáin anonn lena shealbhú.”
48 Labhair an Tiarna le Maois an lá sin féin agus dúirt sé leis: