47 Óir ní aon ghnó suarach a bheidh á dhéanamh agaibh, mar is é bhur mbeatha é, agus dá bhíthin beidh fad saoil agaibh sa tír a bhfuil sibh ag dul thar Iordáin anonn lena shealbhú.”
48 Labhair an Tiarna le Maois an lá sin féin agus dúirt sé leis:
49 “Gabh suas ar Shliabh Neabó, i sliabhraon seo Abáraím, i dtír Mhóáb sall ó Ireachó; agus féach uait ar thír Chanán atáim a thabhairt mar fhearann dílis do chlann Iosrael.
50 Faigh bás ar an gcnoc ar a rachaidh tú agus cruinnítear chun do mhuintire thú, faoi mar a fuair Árón do dheartháir bás ar Shliabh Hor agus a cruinníodh chun a mhuintire é.
51 Óir rinne sibh feall ar iontaoibh liom i measc chlann Iosrael an uair úd ag Miríbeat Cáidéis, i bhfásach Zin; mar níor thaispeáin sibh mo naofacht i measc chlann Iosrael.
52 Ní fheicfidh tú an tír ach i gcéin uait; ní féidir duit dul ann, isteach sa tír sé sin atá á thabhairt agam do chlann Iosrael.”