5 Rinneadar coirpeacht, an chlann a ghin sé gan cháim;ál fealltach cam iad.
6 An mar sin a dhíolann sibh an comhar leis an Tiarna?Nach baoth éaganta an pobal sibh!Nach é d'athair é a chruthaigh thú,a dhealbhaigh thú agus a bhunaigh thú?
7 Cuimhnigh ar na laethanta a bhí,agus machtnaigh ar na blianta ó ghlúin go glúin.Cuir ceist ar d'athair agus tabharfaidh sé fios duitagus ar do sheanóirí agus cuirfidh siad ar an eolas thú.
8 Nuair a bhronn an Té is Airde a n‑oidhreacht ar na ciníocha,nuair a roinn sé clann Ádhaimh,leag sé síos a dteorainneacha de réir líon chlann [Dé].
9 Ach a mhuintir féin cuid an Tiarna,agus Iacób an oidhreacht a thit air.
10 Fuair sé sa díthreabh é,i bhfásach uallairte an fhiántais.Cumhdaíonn sé é, oileann é agus cosnaíonnmar mhac imreasan a shúile.
11 Mar iolar ag faire a neide,ar foluain os cionn a ghearrcach,leathann sé a sciatháin le breith airagus cuireann a eiteoga leis mar theannta.