8 Nuair a bhronn an Té is Airde a n‑oidhreacht ar na ciníocha,nuair a roinn sé clann Ádhaimh,leag sé síos a dteorainneacha de réir líon chlann [Dé].
9 Ach a mhuintir féin cuid an Tiarna,agus Iacób an oidhreacht a thit air.
10 Fuair sé sa díthreabh é,i bhfásach uallairte an fhiántais.Cumhdaíonn sé é, oileann é agus cosnaíonnmar mhac imreasan a shúile.
11 Mar iolar ag faire a neide,ar foluain os cionn a ghearrcach,leathann sé a sciatháin le breith airagus cuireann a eiteoga leis mar theannta.
12 An Tiarna amháin a threoraí,níl aon dia deoranta fairis.
13 Tugann sé arda na cruinne dó le marcaíocht tharstu,agus beathaíonn sé é le toradh na sléibhte;tugann sé mil ón gcarraig le deol dó,agus ola ón gcarraig scáil;
14 gruth ón mbólacht, bainne ón tréad,bia saibhir ón bhféarach,reithí do phór Bháiseán, agus gabhair,bia saibhir de dhias na cruithneachta,agus fuil na finiúna glan mar dheoch.