18 Dúirt sé faoi Zabúlun:Bíodh lúcháir ort, a Zabúlun, ag taisteal duit i gcéin,agus ortsa, a Íosácár, i do bhothanna.
19 Déanann siad íobairtí conáigh,ar an sliabh ar a bhfuil triall na ndaoine ag guí;óir blaiseann siad saibhreas na mara,agus an mhaoin folaithe sa ghaineamh.
20 Dúirt sé faoi Ghád:Beannacht ar an té a fhágann a dhóthain slí ag Gád!Luíonn sé mar bhanleon;stoll sé géag, ceannaithe, agus baithis.
21 Thogh sé an chéad roinn dó féin,mar bhí mír cheannaire in áirithe ansiúd.Tháinig sé mar cheannaire ar an bpobal;aitheanta agus reachtanna córa an Tiarna,chuir sé i bhfeidhm ar Iosrael iad.
22 Dúirt sé faoi Dhán:Coileán leoin é Dán,ag lingeadh ó Bháiseán.
23 Dúirt sé faoi Naftáilí:A Naftáilí, ar do shástacht le fabhair,agus lán de bheannachtaí an Tiarna,bíodh an loch agus an deisceart i do sheilbh.
24 Dúirt sé faoi Áiséar:Go raibh beannacht thar na mic ar Áiséar;gurb é muirnín a bhráithre é,agus tumadh sé a chosa in ola!