1 Ansin d'imigh Maois ó mhachairí Mhóáb agus ghabh Sliabh Neabó suas go mullach Phisceá, sall ó Ireachó, agus thaispeáin an Tiarna an tír ar fad dó: Gileád go Dán,
2 Naftáilí go léir, dúiche Eafráim agus Manaise, tír Iúdá go léir go dtí an Fharraige Thiar,
3 an Neigib agus fairsinge Ghleann Ireachó, cathair na gcrann pailme, go Zoar.
4 Dúirt an Tiarna leis: “Sin é an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób, á rá: ‘Tabharfaidh mé do do shíol é.’ Lig mé duit é a fheiceáil le do shúile cinn, ach ní rachaidh tú anonn isteach ann.”
5 Ansiúd i dtír Mhóáb, fuair Maois searbhónta an Tiarna bás faoi mar a d'achtaigh an Tiarna,
6 agus rinne sé é a adhlacadh sa ghleann, i dtír Mhóáb, sall ó Bhéit Peór; ach go dtí an lá inniu féin ní fios d'aon duine cá bhfuil a uaigh.
7 Bhí Maois céad agus a fiche bliain d'aois nuair a fuair sé bás; ní raibh a radharc teipthe ná a bhrí tráite.