12 Ansin labhair an Tiarna libh ó lár na tine; fuaim na bhfocal do chuala sibh, ach cló ní fhaca sibh; ní raibh ann ach guth.
13 Nocht an Tiarna a chonradh daoibh, agus d'ordaigh daoibh é choimeád - na Deich nAitheanta, is é sin, a scríobh sé ar dhá chlár cloiche.
14 D'ordaigh an Tiarna dom an uair sin dlíthe agus reachtanna a theagasc daoibh, a leanfadh sibh sa tír a bhfuil sibh le dul anonn á shealbhú.
15 “Bígí aireach i mbeart dá bhrí sin. Ós rud é nach bhfaca sibh aon chló an lá a labhair an Tiarna libh i Horaeb ó lár na tine,
16 féachaigí chuige nach ndéanann sibh claonbheart agus íomhá shnoite a dhéanamh daoibh féin de chló dúile ar bith, cibé acu i gcosúlacht fir nó mná é,
17 nó i gcosúlacht aon ainmhí ar talamh, nó aon éin a eitlíonn san aer,
18 nó i gcosúlacht aon dúile a shníonn ar talamh, nó aon éisc sna huiscí atá faoi thalamh.