21 “Bhí an Tiarna i bhfearg liom de bhur gcionnsa, agus mhionnaigh nach rachainn thar an Iordáin anonn, ná nach rachainn isteach san fhearann fónta atá á thabhairt mar oidhreacht daoibh ag an Tiarna bhur nDia.
22 Sea, caithfidh mise bás a fháil sa tír seo gan dul thar an Iordáin anseo; ach rachaidh sibhse anonn agus gabhfaidh sibh seilbh ar an bhfearann fónta úd.
23 Seachnaígí dá bhrí sin agus ná déanaigí dearmad ar an gconradh a rinne an Tiarna bhur nDia libh, agus íomhá ghreanta a dhéanamh i gcosúlacht aon ní dár choisc an Tiarna bhur nDia oraibh.
24 Tine amplach é an Tiarna bhur nDia, agus Dia éadmhar.
25 Nuair a ghinfear clann agus clann clainne daoibh, agus go mbíonn tamall fada caite agaibh sa tír, má dhéanann sibh claonbhearta, agus íomhá ghreanta a dhéanamh i gcló nó a chéile, ag cur olc ar an Tiarna agus fearg air,
26 an lá sin glaofaidh mé ar neamh agus ar thalamh le fianaise a thabhairt in bhur n‑aghaidh; rachaidh sibh ar ceal gan mhoill ón tír a bhfuil sibh ag dul thar an Iordáin á shealbhú. Ní fada a mhairfidh sibh ann; rachaidh sibh i ndísc ar fad.
27 Cuirfidh an Tiarna scaipeadh oraibh i measc na gciníocha, agus ní fhágfar ach fuíoll suarach díbh i measc na bpobal dá dtiomáinfidh an Tiarna sibh.