44 Seo é an dlí a leag Maois roimh chlann Iosrael;
45 seo iad na hachtanna agus na dlíthe agus na reachtanna a d'ordaigh Maois do chlann Iosrael ar theacht as an Éigipt dóibh,
46 agus iad lastall den Iordáin sa ghleann láimh le Béit Peór i bhfearann Síochon rí na nAmórach a chónaigh i Heisbeon; bhris Maois agus clann Iosrael airsean ar theacht as an Éigipt dóibh,
47 agus ghabhadar seilbh ar a fhearann agus ar fhearann Óg rí Bháiseán - dhá rí na nAmórach a lonnaigh thoir lastall den Iordáin,
48 ó Aroéir ar an ardán os cionn ghleann an Arnón go Sliabh Shirion, Hearmón is é sin -
49 agus ar an Arabá go léir lastoir den Iordáin, go Muir an Arabá faoi bhun shleasa Phisceá.