1 Thionóil Maois Iosrael go léir chuige agus dúirt leo: “A Iosrael, éist leis na dlíthe agus leis na reachtanna a labhraím in bhur gcomhchlos inniu. Foghlaimígí iad agus comhlíonaigí iad le barr cúraim.
2 Rinne an Tiarna ár nDia conradh linn ar Shliabh Horaeb.
3 Ní lenár n‑aithreacha a rinne an Tiarna an conradh seo, ach linne, sinne atá anseo beo gach duine againn anseo inniu.
4 Labhair an Tiarna gnúis le gnúis libh ar an sliabh ó chroí na tine,
5 agus sheas mise lena linn sin ar fad idir an Tiarna agus sibhse chun briathar an Tiarna a fhógairt daoibh, óir bhí eagla na tine oraibh, agus ní dheachaigh sibh suas faoin sliabh. Dúirt sé:
6 ‘Mise an Tiarna do Dhia a thug amach as tír na hÉigipte thú agus as teach na daoirse.
7 Ná bíodh aon déithe eile agat i mo láthair.