24 agus dúirt sibh: ‘Féach, thaispeáin an Tiarna ár nDia a ghlóir dúinn agus a mhórgacht agus chualamar a ghlór ó chroí na tine. Chonaiceamar inniu gur féidir do Dhia, labhairt leis an duine, agus an duine a fhanacht beo.
25 Cén fáth go bhfaighimis bás anois? Óir loiscfidh an tine mhór seo sinn; má chloisimid glór an Tiarna ár nDia an dara huair ní baol ná go dtitfidh an t‑anam asainn.
26 Óir cén duine daonna den uile fheoil a chloisfeadh glor Dé bheo ag labhairt ó chroí na tine mar a rinneamar, agus a d'fhéadfadh fanacht beo?
27 Druidse leis, dá bhrí sin, agus éist lena bhfuil le rá ag an Tiarna ár nDia, agus inis dúinne gach a ndéarfaidh an Tiarna ár nDia leat; éistfimid leis agus déanfaimid dá réir.’
28 Chuala an Tiarna a ndúirt sibh liom, agus dúirt liom: ‘Chuala mé caint uile an phobail seo leat; is maith mar a dúradar gach a bhfuil ráite acu.
29 Uch gan a gcroí a bheith mar sin i gcónaí, socair ar m'eaglasa agus ar m'aitheanta a choimeád, i dtreo go mbeadh an rath orthu féin agus ar a gclann go brach!
30 Imigh leat agus abair leo: Filligí ar bhur mbothanna.