10 “Nuair a thabharfaidh an Tiarna thú isteach sa tír a mhionnaigh sé do d'aithreacha, d'Abrahám, d'Íosác agus do Iacób a thabharfadh sé daoibh, mar aon le cathracha móra maithe nach tú a thóg,
11 agus tithe lán de ollmhaitheasaí de gach sórt nach tú a sholáthraigh, agus toibreacha doimhne nach tú a thochail, fíonghoirt agus crainn ola nach tú a phlandaigh - nuair a bheidh na nithe sin caite agat agus do sháith agat,
12 seachain agus ná déan dearmad ar an Tiarna a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.
13 Bíodh eagla an Tiarna do Dhia ort, déan seirbhís dó agus mionnaigh dar a ainm.
14 Ná lean déithe eile, déithe na ndaoine máguaird oraibh.
15 Óir an Tiarna do Dhia a chónaíonn in bhur measc, is Dia éadmhar é; d'fhéadfadh a fhearg lasadh i d'aghaidh agus tú a scrios de chlár na cruinne.
16 Ná déan promhadh ar an Tiarna bhur nDia, mar rinne sibh leis ag Masá.