16 Ná déan promhadh ar an Tiarna bhur nDia, mar rinne sibh leis ag Masá.
17 Coimeád le barr cúraim aitheanta an Tiarna bhur nDia, agus na reachtanna agus na dlíthe a d'ordaigh sé duit.
18 Déan an chóir agus an mhaith i láthair an Tiarna i dtreo go rithfidh leat agus go rachaidh tú isteach agus seilbh a ghabháil ar an talamh fónta a mhionnaigh an Tiarna a thabharfaidh sé do d'aithreacha,
19 agus do naimhde go léir á dtiomáint amach aige romhat; sin mar a gheall an Tiarna.
20 “Nuair a chuirfidh do mhac ceist ort san am atá le teacht: ‘Cad is ciall leis na haitheanta agus na dlíthe agus na reachtanna a d'aithin an Tiarna ár nDia daoibh?’
21 abair le do mhac: ‘Ba dhaoir le Forann sinn tráth san Éigipt, agus thug an Tiarna amach as an Éigipt sinn le láimh láidir;
22 agus thaispeáin an Tiarna comharthaí agus iontais mhóra uafara in aghaidh na hÉigipte agus Fhorainn agus a theaghlaigh go léir os comhair ár súl.