22 agus thaispeáin an Tiarna comharthaí agus iontais mhóra uafara in aghaidh na hÉigipte agus Fhorainn agus a theaghlaigh go léir os comhair ár súl.
23 Thug sé as siúd amach sinn d'fhonn sinn a thabhairt isteach agus an tír a thabhairt dúinn, an tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé dár n‑aithreacha.
24 D'aithin an Tiarna dúinn na dlíthe seo go léir a chomhlíonadh agus eagla an Tiarna ár nDia a bheith orainn, ar mhaithe linn féin i gcónaí, sa chaoi go gcoimeádfadh sé beo sinn mar a rinne go dtí an lá inniu féin.
25 Sé is fíréantacht dúinn: na haitheanta seo uile a chomhlíonadh os comhair an Tiarna ár nDia faoi mar a d'aithin sé dúinn.’