1 “Na haitheanta go léir a ordaím duit inniu, ní foláir duit iad a choimeád agus a chomhlíonadh, d'fhonn go mbeadh an bheatha agaibh agus go rachadh sibh i líonmhaire agus dul isteach agus seilbh a fháil ar an tír a mhionnaigh an Tiarna a thabharfadh sé do bhur n‑aithreacha.
2 Agus cuimhnigh ar an gcaoi go léir ar threoraigh an Tiarna do Dhia thú le daichead bliain san fhásach, d'fhonn tú a umhlú, tú a phromhadh, agus eolas a chur ar rún do chroí féachaint an gcoimeádfá a aitheanta nó nach ndéanfá.
3 D'umhlaigh sé thú agus d'fhág ocrach thú agus chothaigh thú le manna nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha, d'fhonn é a chur in iúl duit nach ar arán amháin a mhaireann an duine, ach go maireann an duine ar gach ní a thagann ó bhéal Dé.
4 Ní dheachaigh caitheamh ar an éadach ar do dhroim, ná níor tháinig at ar do chosa, i gcaitheamh an daichead bliain sin.
5 Bíodh a fhios agat as sin go raibh an Tiarna do Dhia do do oiliúint mar a d'oilfeadh fear a mhac.
6 Coinnigh dá bhrí sin aitheanta an Tiarna do Dhia, agus lean a chosáin agus bíodh urraim agat dó.