3 D'umhlaigh sé thú agus d'fhág ocrach thú agus chothaigh thú le manna nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha, d'fhonn é a chur in iúl duit nach ar arán amháin a mhaireann an duine, ach go maireann an duine ar gach ní a thagann ó bhéal Dé.
4 Ní dheachaigh caitheamh ar an éadach ar do dhroim, ná níor tháinig at ar do chosa, i gcaitheamh an daichead bliain sin.
5 Bíodh a fhios agat as sin go raibh an Tiarna do Dhia do do oiliúint mar a d'oilfeadh fear a mhac.
6 Coinnigh dá bhrí sin aitheanta an Tiarna do Dhia, agus lean a chosáin agus bíodh urraim agat dó.
7 Óir tá an Tiarna do Dhia do do thabhairt isteach i dtír fhónta, tír sruthán agus toibreacha, agus foinsí ag brúchtaíl aníos i ngleannta agus ar shléibhte,
8 tír chruithneachta agus eorna, fíniúna agus figí agus pomagránaití, tír ológ agus ola agus meala,
9 tír ina mbeidh arán gan ghannchúis le hithe agat gan aon ní in easnamh ort ann, tír arb iarann a chlocha agus ar féidir leat copar a bhaint as a shléibhte.