5 Bíodh a fhios agat as sin go raibh an Tiarna do Dhia do do oiliúint mar a d'oilfeadh fear a mhac.
6 Coinnigh dá bhrí sin aitheanta an Tiarna do Dhia, agus lean a chosáin agus bíodh urraim agat dó.
7 Óir tá an Tiarna do Dhia do do thabhairt isteach i dtír fhónta, tír sruthán agus toibreacha, agus foinsí ag brúchtaíl aníos i ngleannta agus ar shléibhte,
8 tír chruithneachta agus eorna, fíniúna agus figí agus pomagránaití, tír ológ agus ola agus meala,
9 tír ina mbeidh arán gan ghannchúis le hithe agat gan aon ní in easnamh ort ann, tír arb iarann a chlocha agus ar féidir leat copar a bhaint as a shléibhte.
10 Íosfaidh tú agus beidh do sháith agat agus beannóidh tú an Tiarna do Dhia ar son an fhearainn fhónta a thug sé duit.
11 “Bí ar d'aire agus ná déan dearmad ar an Tiarna do Dhia le faillí a dhéanamh ina aitheanta, a reachtanna agus a dhlíthe de réir mar a ordaím duit inniu.